Fógra um Chosaint Sonraí

I gcomhréir le Rialachán 2018/1725, ní bhailíonn an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) do shonraí pearsanta ach amháin a mhéid is gá chun cuspóir sonrach a bhaineann lenár gcúraimí a chomhlíonadh.

Chuireamar bearta i bhfeidhm a chinnteoidh go gcoinneofar do shonraí cothrom le dáta agus go ndéanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá slán.

Tá faisnéis ghinearálta tugtha thíos maidir leis an dóigh a bpróiseáiltear sonraí pearsanta ar ár suíomh gréasáin. Is aisti féin a chuirfear faisnéis shonrach faoi ghníomhaíochtaí próiseála an EDPB seachas iad sin a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo ar fáil.

Tá cearta ar leith agat maidir leis an bpróiseáil againn de do shonraí pearsanta.

Nuair a phróiseálann an EDPB do shonraí pearsanta, tá sé de cheart agatsa a bheith ar an eolas faoi sin.

Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus an fhaisnéis sin a cheartú gan mhoill sa chás go bhfuil sí míchruinn nó neamhiomlán.

Is féidir leat a iarraidh go gcuirfidh bac ar an bhfaisnéis i gcúinsí áirithe freisin.

Is féidir leat cur ina coinne freisin, ar fhorais áirithe a bhaineann le do chúinsí ar leith.

Is féidir leat a iarraidh go gcuirfear aon cheann de na hathruithe thuas in iúl do pháirtithe eile ar nochtadh do shonraí dóibh.

Tá sé de cheart agat freisin gan a bheith faoi réir cinntí uathoibrithe (a dhéantar le meaisíní agus leosan amháin) a mbeidh tionchar acu ort, mar a shainmhínítear sa dlí.

Tá an ceart agat do shonraí pearsanta a fháil i bhformáid chaighdeánach, sa chás gur mhaith leat iad a aistriú chuig rialaitheoir eile (inaistritheacht sonraí).

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh am ar bith a gcreideann tú gur sáraíodh do chearta cosanta sonraí.

Leagtar na cearta sin amach i gCaibidil III de Rialachán 2018/1725, arb é an Rialachán reatha maidir le cosaint sonraí é.

Conas do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

Más rud é go bhfuil an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí ag próiseáil do chuid sonraí pearsanta agus go dteastaíonn uait do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú, seol iarratas i scríbhinn chuig EDPB-DPO@edpb.europa.eu nó i gclúdach séalaithe ar an bpost chuig ár nOifigeach Cosanta Sonraí.

I bprionsabal, ní féidir linn glacadh le hiarrataí ó bhéal (ar an bhfón nó ar bhonn duine le duine) toisc go bhfuil seans ann nach mbeimid in ann d’iarraidh a phróiseáil láithreach gan anailís a dhéanamh ar dtús uirthi agus tú a shainaithint go hiontaofa ar dtús.

Ba cheart cur síos cruinn mionsonraithe a dhéanamh i d’iarraidh ar na sonraí ba mhaith leat rochtain a fháil orthu. Sa chás is go mbeadh amhras réasúnta ann maidir le d’aitheantas, d’fhéadfadh go n-iarrfaí ort cóip de dhoiciméad a sholáthar chun cabhrú linn d’aitheantas a fhíorú. D’fhéadfadh doiciméad ar bith a bheith i gceist, cárta aitheantais nó pas mar shampla. Má sholáthraíonn tú doiciméid ar bith eile, ba cheart sonraí pearsanta amhail d’ainm agus do sheoladh a bheith soiléir orthu ionas gur féidir tú a aithint, agus féadfar peann dubh a chur trí shonraí eile amhail grianghraf nó aon saintréithe pearsanta.

Beidh teorainn dhocht leis an úsáid a mbeimid in ann a bhaint as an bhfaisnéis atá i do dhoiciméad aitheantais: ní úsáidfear na sonraí sin ach amháin chun d’aitheantas a fhíorú agus ní stórálfar iad ar feadh tréimhse níos faide ná is gá chun na críocha sin.

Do shonraí pearsanta agus ár suíomh gréasáin

Is é suíomh gréasáin an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí an uirlis cumarsáide is tábhachtaí atá againn. Is ar an suíomh seo a chuirimid faisnéis ar fáil faoinár gcuid oibre, amhail treoirlínte, moltaí, dea-chleachtais, comhairle, tuairimí agus cinntí. Is ar an suíomh freisin a chuirimid nuacht cosanta sonraí agus faisnéis faoi thopaicí cosanta sonraí ar fáil don phobal i gcoitinne agus dár sainpháirtithe leasmhara.

Is gá do shonraí pearsanta a phróiseáil ionas gur féidir roinnt de na seirbhísí a thairgtear ar ár suíomh gréasáin a sholáthar.

Is chun na gcríoch seo a leanas a phróiseálamar sonraí pearsanta a bailíodh ar ár suíomh gréasáin:

- lena chur ar do chumas rochtain a fháil ar ár suíomh gréasáin. Ní bhainimid úsáid as fianáin seisiúin theicniúla ach amháin chun cé acu a dtacaíonn nó nach dtacaíonn córas an úsáideora le JavaScript a fháil amach, agus

- nuair a sheoltar iarratas nó gearán chugainn tríd an suíomh gréasáin nó trí mhodhanna eile,  chun críche an iarraidh nó an gearán sin a bhainistiú;

Ní bhainimid úsáid as an bhfaisnéis arís chun aon chríocha eile atá éagsúil ón gceann atá luaite. Ní nochtfaimid do shonraí pearsanta chun críocha margaíochta dírí in aon chás.

Faoi choinníollacha áirithe atá leagtha amach sa dlí, féadfaimid d’fhaisnéis a nochtadh do thríú páirtithe (amhail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, an Chúirt Iniúchóirí, nó údaráis forfheidhmithe dlí) sa chás go bhfuil sé sin riachtanach agus comhréireach chun críocha dleathacha sonracha.

Ní choinnítear d’fhaisnéis phearsanta ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar chucu a bhailíomar í. Is féidir linn do shonraí pearsanta a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná sin chun críocha stairiúla nó eolaíocha agus beidh na coimircí cuí i bhfeidhm againn ina leith.

Na Meáin Shóisialta
Úsáideann an BCSE na meáin shóisialta chun a chuid oibre a chur i láthair trí chainéil a úsáidtear go forleathan. Tá na smaointe agus na tuairimí a léiríonn BCSE ar na meáin shóisialta chun críocha faisnéise amháin. Ní mheasfar gur cumarsáid dhlíthiúil nó oifigiúil í thar ceann an Bhoird aon chumarsáid a dhéantar ar na meáin shóisialta.