Fianáin

Fianáin

Úsáidimid fianáin ar ár láithreán gréasáin. Is é is fianán ann píosa beag sonraí a stórálann suíomh gréasáin ar ríomhaire nó gléas soghluaiste an chuairteora.

Europa Analytics agus a fianáin

Is é Europa Analytics an tseirbhís chorparáideach a dhéanann monatóireacht agus meastóireacht ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht shuíomhanna gréasáin an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí agus an Choimisiúin Eorpaigh, chomh maith leis na suíomhanna gréasáin eile a óstálann ionad sonraí an Choimisiúin.

Úsáideann sé ardán anailísíochta foinse oscailte, Matomo (Piwik tráth roimhe), arna rialú go hiomlán ag an gCoimisiún Eorpach. De bharr an ardáin sin is féidir sonraí pearsanta d’úsáideoirí deiridh a chosaint, a bhuí leis na gnéithe sin cosúil le dí-shainaithint seolta IP. Anuas air sin, chuir an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí gné ar bun chun bainistiú a dhéanamh ar thoiliú úsáideoirí le bailiúchán shonraí na n-úsáideoirí le haghaidh staidreamh anaithnid.

Faisnéis agus bearta maidir le cosaint sonraí in Europa Analytics

Tá Europa Analytics cumraithe chun úsáid a bhaint as an bhfearann dara leibhéil europa.eu (atá á úsáid ag suíomhanna gréasáin institiúidí an Aontais Eorpaigh) agus fianáin céad pháirtí a stóráil.

Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach an t-eolas seo a leanas faoi chuairteoirí a rianú mar gheall ar fhianáin (ó Matomo) a úsáideann Europa Analytics. Úsáidtear an fhaisnéis sin chun tuarascálacha staidrimh comhiomlánaithe a ullmhú maidir le gníomhaíocht cuairteoirí, nach bhfuil aon sonraí pearsanta iontu:

  • Seoladh IP (ceilte) ;
  • Suíomh: tír, réigiún, cathair, neas-domhanleithead agus neas-domhanfhad (Geoshuíomh);
  • Dáta agus am na hiarrata (an chuairt ar an suíomh);
  • Teideal an leathanaigh a bhfuiltear ag féachaint air (Teideal an Leathanaigh);
  • URL an leathanaigh a bhfuiltear ag féachaint air (URL an Leathanaigh);
  • URL an leathanaigh ar féachadh air roimh an leathanach reatha (URL Tagróra);
  • An taifeach scáileáin ar fheiste an úsáideora ;
  • An t-am i gcrios ama áitiúil an chuairteora;
  • Comhaid a rinneadh a chliceáil agus a íoslódáil (Íoslódáil);
  • Naisc chuig fearann ​​lasmuigh a cliceáladh (Nasc Amach);
  • Aga giniúna na leathanach (an t-am a thógann sé le leathanaigh ghréasáin a ghiniúint ag an bhfreastalaí gréasáin agus ansin iad a íoslódáil ag an gcuairteoir: Luas leathanaigh);
  • Príomhtheanga an bhrabhsálaí atá á úsáid (Ceanntásc Glac le Teanga);
  • An leagan den bhrabhsálaí, breiseáin bhrabhsálaí (PDF, Flash, Java, ...) an leagan den chóras oibriúcháin, aitheantóir feiste (Ceanntásc Úsáideora Gníomhaire);
  • Teanga an leathanaigh a dtugtar cuairt air;
  • Feachtais;
  • Cuardach an tSuímh;
    Imeachtaí.

D’fhonn cruinneas na dtuarascálacha a tháirgtear a fheabhsú, stóráiltear faisnéis chomh maith i bhfianán céad pháirtí ónár suíomh gréasáin agus bailíonn Europa Analytics iad ansin:

  • Uimhir Aitheantais Cuairteora randamach uathúil;
  • Am na chéad chuairte ón gcuairteoir lena mbaineann;
  • Am na cuairte roimhe ón gcuairteoir lena mbaineann;
  • An líon cuairteanna ón gcuairteoir lena mbaineann.

Is é an Coimisiún Eorpach amháin a rialaíonn na sonraí a bhailítear le fianáin céad pháirtí trí na sonraí a stóráil i bhfreastalaithe atá faoina úinéireacht iomlán agus faoina rialú iomlán.

Chomh maith le cuid de na fianáin seisiúin, gineann Matomo uimhir aitheantais randamach lena gcumasaítear do Europa Analytics an t-úsáideoir a shainaithint nuair a fhilleann sé/sí ar an suíomh. Tá dáta éagtha 13 mhí ag an bhfianán sin agus baintear d'fheiste an úsáideora é go huathoibríoch ina dhiaidh sin.

  • Is éard is fianáin céad pháirtí fianáin a shocraíonn an suíomh gréasáin a dtugann tú cuairt air. Ní fhéadann ach an suíomh gréasáin na fianáin sin a léamh. D’fhéadfadh go mbainfeadh suíomh gréasáin úsáid as seirbhís sheachtrach freisin chun anailís a dhéanamh ar an dóigh a mbíonn an suíomh á úsáid ag daoine. Socraíonn Europa Analytics a fhianán féin chun é sin a dhéanamh agus ní úsáideann sé páirtithe seachtracha.
  • Is éard is fianáin sheasmhacha ann fianáin a shábháiltear ar do ríomhaire nach scriostar go huathoibríoch nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí, murab ionann agus fianán seisiúin, a scriostar nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí. Ní úsáidtear fianáin sheasmhacha ach chun tú a aithint arís tar éis do chéad chuairte eile.

Toiliú chun do chuid brabhsála a bhailiú, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chun staitisticí anaithnid a chur ar fáil

Trí réamhshocrú, NÍ dhéanann Europa Analytics brabhsáil na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin a rianú. Ach is féidir leat roghnú toiliú leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar aon sonraí pearsanta a bailíodh le linn do bhrabhsáil ar ár suíomh gréasáin chun deis a thabhairt dúinn staitisticí anaithnid a chur ar fáil.

Má chumasaíonn tú an rogha Ná Rianaigh (féach thíos) i do bhrabhsálaí gréasáin, tabharfaimid aird ar do rogha agus ní dhéanfar do bhrabhsáil a rianú ar ár suíomh gréasáin le haghaidh ár staidreamh anaithnid.

Mura bhfuil an rogha Ná Rianaigh cumasaithe agat, taispeánfaimid meirge fianán duit chun go ndéanfaidh tú do rogha agus chun fianán ar a dtugtar “edp_cookie_agree” a shuiteáil le go mbeidh tú in ann súil a choinneáil ar do rogha. Má thoilíonn tú leis an bpróiseáil thuasluaite, cuirtear Europa Analytics ar siúl agus lódáiltear roinnt fianán ábhartha. Is féidir leat cinneadh a dhéanamh i gcónaí do thoiliú a tharraingt siar, nó toiliú arís ag am ar bith.

Téann an “edp_cookie_agree” in éag tar éis 6 mhí: ansin, mura bhfuil do rogha Ná Rianaigh cumasaithe, taispeánfar an meirge fianán duit arís chun go ndéanfaidh tú do rogha a athnuachan.

Sa chás gur dhíchumasaigh tú na fianáin go léir, taispeánfar an meirge fianán duit gach uair a thugann tú cuairt ar ár láithreán gréasáin.

Más mian leat toiliú leis an anailísíocht (nó do thoiliú a tharraingt siar):

GLAC LEIS DIÚLTAIGH DÓ

Sainroghanna ‘Ná rianaigh’

Is feidhm é Ná Rianaigh a ligeann do chuairteoirí gan a bheith rianaithe ag ár suíomhanna gréasáin. Tá roghanna Ná Rianaigh ar fáil i roinnt brabhsálaithe, lena n-áirítear:

Rochtain shrianta ar fhaisnéis

Is trí phrótacal HTTPS a chriptítear an chumarsáid sonraí anailísíochta ar fad. Maidir leis na tuarascálacha anailíseacha a chuireann Europa Analytics ar fáil, ní féidir ach le baill foirne údaraithe an Choimisiúin a dhéileálann le Matoma, na baill foirne ábhartha ó institiúidí Eorpacha nó fochonraitheoirí seachtracha a bhfuil údarás cuí acu, agus a bhféadfaí go n-iarrfaí orthu láithreáin áirithe a anailísiú, a fhorbairt agus/nó a choimeád ar bun go rialta, rochtain a fháil orthu. Déantar amhlaidh trí Chóras Fíordheimhniúcháin an Choimisiúin Eorpaigh (ECAS).

Seoltaí IP a cheilt

Tabhair do d'aire: déantar institiúid, cathair agus tír a fháil amach chun críoch staidrimh, bunaithe ar an seoladh iomlán IP, agus ansin stóráiltear agus comhiomlánaítear iad sula gcuirtear masc i bhfeidhm. Úsáideann Europa Analytics córas dí-shainaitheanta Prótacail Idirlín (IP) lena gceiltear go huathoibríoch cuid de sheoladh IP gach cuairteora. Fágann sé sin nach féidir aon chuairteoir Europa ar leith a shainaithint tríd an seoladh IP amháin.

Logaí cuairteoirí

Scriosann Europa Analytics logaí cuairteoirí go huathoibríoch tar éis 13 mhí. Stórálann an Coimisiún Eorpach sonraí comhiomlánaithe ar feadh tréimhse éiginnte chun críche anailís a dhéanamh.

Déan teagmháil

Má bhíonn ceisteanna sonracha agat faoi stóráil agus úsáid shonraí Europa Analytics nó má tá tú ag iarraidh tuilleadh faisnéise a fháil faoi bheartas an Bhoird maidir le fianáin, is féidir leat dul i dteagmháil lenár stiúrthóir gréasáin.

Má tá ceist ar bith agat maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, is féidir leat dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.