An tOifigeach Cosanta Sonraí ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí

Féadfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil ar roinnt cúiseanna, ó bheith ag déileáil le hiarrataí ón bpobal ar fhaisnéis, go dtí cúrsaí foirne, faisnéis do chuairteoirí, comhar le húdaráis náisiúnta chosanta sonraí, nó láimhseáil gearán, i measc go leor cúiseanna eile.

Faoi mar atá sé le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh, tá oibleagáid air an dlí cosanta sonraí is infheidhme go sonrach maidir leis a chomhlíonadh.

Mar aon lena shonrú cé na prionsabail dlí a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil, foráiltear leis an dlí freisin nach mór don Bhord Oifigeach um Chosaint Sonraí amháin ar a laghad a cheapadh.

Tríd is tríd, tá sé de chúram ar an Oifigeach Cosanta Sonraí a áirithiú, ar bhealach neamhspleách, go gcloíonn an Bord leis an dlí cosanta sonraí.

Tá na rialacha reatha cosanta sonraí is infheidhme ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais á n-athchóiriú faoi láthair lena dtabhairt i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Is é an aidhm atá leis rialacha nua institiúidí an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos cuntasaí as an dóigh a bpróiseálann siad sonraí pearsanta. Dá bhrí sin, leasófar an ráiteas seo nuair a bheidh an t-athchóiriú críochnaithe.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Cosanta Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig EDPB-DPO@edpb.europa.eu nó is féidir leat d’iarraidh a chur isteach tríd an bpost.