Rúnaíocht an EDPB

Tá Rúnaíocht an EDPB lonnaithe sa Bhruiséil agus cuireann sí tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochiúil ar fáil don EDPB. Áirítear leis sin:

  • Tuairimí, cinntí ceangailteacha agus téacsanna eile an EDPB a ullmhú, a dhréachtú, a aistriú agus a fhoilsiú;
  • Cumarsáid leis na hInstitiúidí Eorpacha agus leis an bpobal a chinntiú;
  • Réitigh TF a chur ar fáil don chumarsáid idir Chomhaltaí an EDPB;
  • Cruinnithe an EDPB a eagrú.

Tá Rúnaíocht an EDPB comhdhéanta de sheirbhís dlí, d’earnáil chumarsáide, d’fhoireann TF agus d’fhoireann riaracháin.

Tá foireann na Rúnaíochta fostaithe ag EDPS agus oibríonn siad faoi threoracha Chathaoirleach an EDPB. Bunaítear téarmaí an chomhair idir an EDPB agus EDPS leis an Meabhrán Tuisceana.